Comhpháirtithe oideachais OneNote

Blackbaud
Ag Blackbaud, tuigimid na dúshláin atá roimh scoileanna príobháideacha sa lá atá inniu ann agus táimid in áit mhaith chun todhchaí iontach a chur ar fáil dóibh, todhchaí inar féidir le mac léinn scrúdú a dhéanamh ar an obair bhaile, inar féidir le múinteoirí gráid a logáil, inar féidir le tuismitheoirí íoc as a gcuid mbillí agus inar féidir le baill foirne scoile obair a dhéanamh ar raon feidhmeanna riaracháin am ar bith agus gan deacracht ar bith, agus tuilleadh eile-ó chóras amháin nua-aimseartha lán-nasctha atá bunaithe ar an néal.
Blackboard
Is é misean Blackboard ná dul i gcomhpháirtíocht leis an bpobal domhanda oideachais chun rath an fhoghlaimeora agus an rath institiúideach a chumasú, ag cur le tionchar na dteicneolaíochtaí agus na seirbhísí nuálacha. Agus tuiscint gan sárú aige ar shaol an fhoghlaimeora, mar aon leis na réitigh is cuimsithí maidir le rath na mac léinn agus an cumas nuálaíochta is fearr, spreagann Blackboard an t-athrú sa réimse oideachais.
Brightspace
Ceannaire domhanda i dteicneolaíocht an oideachais, is é D2L ná cruthaitheoir Brightspace, an chéad ardán foghlama ar domhan atá comhtháite go hiomlán. Tá ardán oscailte inbhreisithe D2L á úsáid ag breis is 1,100 cliant agus ag beagnach 15 mhilliún foghlaimeoir aonair sna hearnálacha seo a leanas: ardoideachas, K-12, cúram sláinte, an rialtas agus fiontar. Comhtháthaíonn a réiteach gan stró le Office 365, Outlook, OneDrive, Mix agus OneNote.
Canvas
Le haga fónaimh 99.9%, is é Canvas an t-ardán foghlama is inúsáidte, in-saincheaptha, inoiriúnaithe agus iontaofa. Glacadh níos tapa leis, agus baintear úsáid as ina thuilleadh bealaí, ag tuilleadh úsáideoirí, ná aon LMS eile. Faigh amach conas atá sé níos éasca do chách rudaí a theagasc agus a fhoghlaim le Canvas.
itslearning
Anseo, i gcroílár an oideachais,gheobhaidh tú k12 LMS atá chomh hiomasach sin ón tús, gur pléisiúr atá ann úsáid a bhaint as. Tá sé chomh cliste sin, go sáraíonn sé teoranneacha fisicúla an tseomra ranga agus san am céanna molann sé áiseanna do gach dalta atá ag teacht le caighdeáin. Tá sé chomh spreagúil sin, go mbíonn spraoi le baint as teagasc agus foghlaim dá bharr.
LoveMySkool
Cuireann LoveMySkool ar chumas oideoirí ar fud an domhain aird a mac léinn a mhealladh. Buíochas le hardghnéithe, tá LoveMySkool ar cheann de na córais bainistíochta foghlama is fearr.
Moodle
Ardán foghlama foinse oscailte is ea Moodle, a úsáidtear i scoileanna, ollscoileanna, ionaid oibre agus in earnálacha eile ar fud an domhain i 100 teanga. Cuireann Moodle bosca an-insaincheaptha uirlisí ar fáil do mhúinteoirí, riarthóirí agus mic léinn, lena n-áirítear feidhmchláir thacaithe láidre lena n-úsáid le gléasanna móibíleacha. Mar sin, is féidir é a úsáid i ngach cás, idir oiliúint ard-struchtúrtha agus spásanna comhoibrithe níos oscailte, go hiomlán ar líne nó mar chumasc.
NEO By Cypher Learning
Córas bainistíochta foghlama (LMS) is ea NEO agus bíonn sé níos éasca leis gníomhaíochtaí foghlama a chruthú agus a bhainistiú, cibé an ndéantar ranganna ar líne a chur le chéile, mic léinn a mheas, an comhoibriú a fheabhsú nó gaiscí a rianú.
Sakai
Soláthraíonn Sakai raon mór uirlisí cumhachtacha solúbtha trína gcumasaítear teagasc iontach, foghlaim láidir agus comhoibriú dinimiciúil.
School Bytes
Buíochas le LMS School Bytes, is féidir le múinteoirí tascanna ranga a chruthú agus a mharcáil le ríomhchlár forlíontach Leabhar nótaí ranga OneNote. Foilsítear na hathruithe sin go huathoibríoch in School Bytes, rud a chiallaíonn nach gá na sonraí a iontráil de láimh. Buíochas freisin le comhtháthú School Bytes go stró le Microsoft Office Online, beidh rochtain ag múinteoirí agus mic léinn ar eispéireas comhaontaithe Office 365 a bhfuil a lán gnéithe aige.
Schoology
Cuideachta teicneolaíochta oideachais is ea Schoology, a bhfuil comhoibriú á chur ag croílár an eispéiris foghlama aici. Nascann néal oideachais Schoology na daoine, an t-inneachar agus na córais a spreagann an t-oideachas, agus cuireann sé na huirlisí go léir ar fáil atá riachtanach chun oideachas a phearsantú agus chun torthaí na mac léinn a fheabhsú. Baineann breis is 12 mhilliún duine ó 60,000 scoil agus ollscoil K-12 ar fud an domhain úsáid as Schoology chun a modhanna teagaisc agus foghlama a athrú go hiomlán.