Leabhar Nótaí Ranga OneNote
Sábháil am. Eagraigh. Comhoibrigh.
Tá spás oibre pearsanta do gach mac léinn, mar aon le leabharlann inneachair OneNote le haghaidh dáileán agus spás comhoibrithe le haghaidh ceachtanna agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha, le fáil i Leabhair Nótaí Ranga OneNote.
Ríomhchlár forlíontach leabhar nótaí ranga
Ceapadh an ríomhchlár forlíontach saor in aisce nua seo don leagan deisce de OneNote (2013 nó 2016) chun cabhrú le múinteoirí am a shábháil agus úsáid níos éifeachtúla a bhaint as a leabhair nótaí ranga. Áirítear leis an ríomhchlár forlíontach scaipeadh leathanach agus rannán, agus athbhreithniú tapa ar obair na mac léinn.
Tabhair faoi deara: Ní gá d’úsáideoirí OneNote do Windows 10, Mac agus iPad ríomhchlár forlíontach Leabhar Nótaí Ranga a íoslódáil ar leith. Cuirtear ar fáil é de réir réamhshocraithe sna feidhmchláir seo.

Más gá duit úsáid a bhaint as an ríomhchlár forlíontach Leabhar Nótaí Ranga thar raon ilríomhairí nó más riarthóir IT thú, cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Eagraigh inneachar an chúrsa
Eagraigh pleananna ceachta agus inneachar cúrsa i do leabhar nótaí digiteach féin.
Coimeád gach rud i Leabhar nótaí ranga OneNote, agus bain úsáid as an gcuardach cumhachtach chun an méid atá uait a aimsiú, fiú téacs i bpictiúir nó lámhscríbhneoireacht.
Sábháiltear do chuid leabhar nótaí go huathoibríoch agus is féidir amharc orthu ar ghléas ar bith, ar líne nó as líne.
Oiliúint idirghníomhach ar líne atá saor in aisce
Fan eagraithe le OneNote >
Cruthaigh ceachtanna idirghníomhacha agus cuir ar fáil iad
Bailigh inneachar Gréasáin agus leabaigh ceachtanna reatha sa leabhar nótaí ranga chun pleananna saincheaptha ceachta a chruthú.
Cuir taifeadtaí fuaime agus fístaifeadtaí san áireamh chun ceachtanna saibhre idirghníomhacha a chruthú do mhic léinn.
Is féidir le mic léinn uirlisí cumhachtacha líníochta a úsáid chun téacs a aibhsiú, chun sleamhnáin a anótáil, chun léaráidí a sceitseáil agus chun nótaí lámhscríofa a bhreacadh síos.
Tá sé níos éasca anois obair bhaile, tráthanna na gceist, scrúduithe agus dáileáin a bhailiú buíochas le do leabhar nótaí ranga.
Téann na mic léinn go dtí an leabharlann inneachair chun a dtascanna a fháil. Ní gá bileoga eolais priontáilte a thabhairt don rang a thuilleadh.
Oiliúint idirghníomhach ar líne atá saor in aisce
Ceachtanna idirghníomhacha a chruthú le OneNote >
Comhoibrigh agus cuir aiseolas ar fáil
Cuir tacaíocht phearsantaithe ar fáil trí chlóscríobh nó trí scríobh go díreach i leabhar nótaí príobháideach na mac léinn.
Tugann an spás comhoibrithe spreagadh do na mic léinn obair le chéile toisc go bhfaigheann siad aiseolas agus oiliúint fhíor-ama ón múinteoir.
Más mian le múinteoirí aiseolas a thabhairt do dhaltaí atá ag streachailt, féadann siad cuardach a dhéanamh a chlibeanna ina léirigh daltaí go bhfuil siad ag iarraidh cabhrach.
Oiliúint idirghníomhach ar líne atá saor in aisce
Comhoibrigh sa seomra ranga le Leabhar nótaí ranga OneNote >
Tosaigh anois