Feidhmchláir faoi thrácht
Bain leas níos fearr as OneNote leis na feidhmchláir agus gléasanna seo.
Brother Web Connection
Is féidir le do mheaisín Brother (MFP/Scanóir doiciméad) íomhánna a scanadh agus a uaslódáil go OneNote agus OneDrive go díreach gan dul trí ríomhaire.
Chegg
Is féidir le mic léinn a gcuid freagraí ríthábhachtacha oibre baile ó Chegg Study Q&A a shábháil chuig OneNote, rud atá éasca a dhéanamh buíochas leis an gcnaipe OneNote "Gearr é". Cuirfidh seo ar do chumas d'fhreagraí a eagrú de réir ábhair, ranga nó taisc agus cuardach a dhéanamh orthu láithreach in OneNote. Cruthaigh treoir staidéir den scoth agus roinn le do pháirtithe ranga í.
cloudHQ
Comhtháthaigh do chuid nótaí OneNote le cloudHQ. Sioncronaigh do chuid leabhar nótaí le seirbhísí néil eile a bhfuil tóir orthu, amhail Salesforce, Evernote agus Dropbox. Comhoibrigh go héasca le daoine eile, comhroinn do chuid smaointe i bhfeidhmchláir agus sioncronaigh go huathoibríoch iad le OneNote. Nó cúltacaigh do chuid leabhar nótaí OneNote i seirbhísí néil eile chun do smaointe a chosaint i gcás go scriosfar de thaisme iad.
Newton
Is féidir Newton a úsáid chun ríomhphoist thábhachtacha a shábháil in OneNote d’aon chlic amháin. Cibé sonrasc, fáltas nó ríomhphost tábhachtach ó chustaiméir atá i gceist, úsáid comhtháthú OneNote de chuid Newton chun gach rud a choinneáil le chéile.
Docs.com
Cuireann Docs.com ar chumas úsáideoirí nótaí nó ábhair foghlama a scaipeadh thar a gcuid leabhar nótaí OneNote. Mar shampla, cuireann se ar chumas múinteoirí agus mac léinn ar fud an domhain amharc ar do leabhar nótaí OneNote agus athúsáid a bhaint as, rud a mheadóidh an éileamh agus tionchar atá agat sa phobal.
Doxie Mobile Scanners
Is cineál nua scanóir é Doxie atá in-athluchtaithe, chun doiciméid a scanadh in áit ar bith - gan ríomhaire. Luchtaigh é agus cas air, pé áit ina bhfuil tú - cuir isteach do pháipéar, fáltais agus grianghraif le scanadh, cur i gcartlann, agus comhroinnt. Is féidir Doxie a úsáid le scanadh in áit ar bith, agus a shioncronú le OneNote chun rochtain a fháil ar do dhoiciméid scanta uile, ar gach ceann de do ghléasanna
EDUonGo
Ligeann EDUonGo do chách acadamh nó cúrsa ar líne a lainseáil i gceann cúpla nóiméad. Is féidir le mic léinn EDUonGo ceachtanna a easpórtáil go héasca chuig a leabhair nótaí féin. Is éasca é, mar sin, do na mic léinn nótaí a bhreacadh síos agus iad a chomhroinnt le daoine eile. Is féidir leo nascadh lena gcuntais OneDrive freisin. Is féidir le múinteoirí físeáin ó Office Mix a úsáid ina gceachtanna freisin.
Seol chuig OneNote
Breac síos na nithe is tábhachtach duit agus tú amuigh trí ríomhphost a chur go díreach chuig do leabhar nótaí. Seol doiciméid, nótaí, cúrsaí taistil agus tuilleadh chuig me@onenote.com agus cuirfimid iad le do leabhar nótaí OneNote, áit a mbeidh rochtain agat orthu ar gach ceann de do ghléasanna.
Epson Document Capture Pro
Le Document Capture Pro, is féidir leat doiciméid a scanadh, leathanaigh a chur in eagar, comhaid a shábháil agus sonraí a aistriú chuig na feidhmchláir a scanadh le scanóirí Epson amhail Workforce® DS-30, DS-510, DS-560 agus tuilleadh. Chomh maith leis sin, is féidir scanadh chuig OneNote d'aon chlic, chun rochtain a fháil ar dhoiciméid ó ghléasanna éagsúla nó comhroinnt le daoine eile.
eQuil Smartpen2 & Smartmarker
Scríobh do chuid nótaí ar aon dromchla agus seol chuig OneNote iad trí dhromchla cliste a dhéanamh den dromchla sin ag úsáid eQuil Smartpen2 agus Smartmarker. Is modh nádúrtha é chun do chuid smaointe iontacha a bhreacadh síos.
Feedly
Le Feedly, is féidir le lucht na léitheoireachta rochtain a fháil ar na scéalta agus ar an bhfaisnéis is cúis spreagtha dóibh. Úsáid Feedly chun inneachar den scoth a thaiscéal agus a leanúint, agus sábháil na hailt is fearr go díreach in OneNote d'aon chlic.
Paper agus Pencil le FiftyThree
Bain úsáid as 'Pencil' agus 'Paper' chun do chuid smaointe a bhreacadh síos agus déan na smaointe sin a fhorbairt ansin le OneNote. Is uirlis chruinn é Pencil atá éasca é a úsáid chun rudaí a scríobh síos nó a tharraingt. Má dhéanann tú botún, ní gá duit ach an stíleas a iompú agus rudaí a léirscriosadh mar is gnách - go díreach in OneNote. Breac nótaí síos go héasca, cuir seicliostaí le chéile agus sceitseáil in 'Paper'. Comhroinn le OneNote ansin chun tuilleadh a dhéanamh, amhail obair a dhéanamh le daoine eile i leabhar oibre comhroinnte, taifeadáin fuaime a chur leis agus do chuig inneachair a rochtain ó ghléas ar bith beagnach.
Genius Scan
Is scanóir póca é Genius Scan. Is féidir leat doiciméad páipéar a ríomhairiú, comhaid PDF a chruthú agus iad a stóráil in OneNote ar an bpointe.
JotNot Scanner
Le JotNot is féidir leat do iPhone a úsáid mar scanóir soghluaiste il-leathanaigh. Is féidir leat JotNot a úsáide chun doiciméad, fáltais, cláir bhána, cártaí gnó agus nótaí i bhformáid leictreonach. Tá Microsoft OneNote agus JotNot comhtháite go díreach anois, mar sin, is féidir leat cóip cúltaca a dhéanamh de do chuid scanta go héasca agus iad a eagrú le do chuntas OneNote.
Livescribe 3 Smartpen
Leis an Livescribe 3 smartpen agus an feidhmchlár Livescribe+, má scríobhann tú ar pháipéar, taispeánfar gach rud ar do ghléas móibíleach láithreach, agus féadfaidh tú clibeanna a chur le do nótaí, iad a chuardach agus a thiontú ina théacs. Is féidir leat gach rud a sheoladh chuig OneNote le go mbeidh do nótaí lámhscríofa agus léaráidí comhtháite leis an gcuid eile de d'fhaisnéis thábhachtach.
Mod Notebooks
Is leabhar nótaí páipéar é Mod a bhfuil rochtain air ón néal. Breac síos nótaí i bpeann agus páipéar, agus déan do leathanaigh a dhigitiú saor in aisce. Is féidir gach leathanach de leabhar nótaí críochnaithe a shioncronú le OneNote agus a shábháil go deo.
NeatConnect
Le NeatConnect, déantar doiciméid dhigiteacha de charnáin páipéir agus seoltar iad go díreach chuig OneNote - gan ríomhaire. Ó sheomra ar bith i do theach, nó áit ar bith san oifig, a bhuíochas le comhoiriúnacht agus comhéadan scáileáin tadhaill NeatConnect, is féidir scanadh chuig OneNote go gasta gan dua, le ham a spáráil, agus eagrú agus táirgiúlacht a bharrfheabhsú.
News360
Is feidhmchlár saor in aisce nuachta phearsanaithe é News360, a thuigeann na nithe a thaithníonn leat agus a éiríonn níos éirimiúla de réir mar a úsáideann tú é. Le breis is 100,000 foinse, tá scéal suimiúil le léamh i gcónaí, agus is féidir leat na scéalta is fearr leat a shábháil go OneNote d'aon chlic.
Nextgen Reader
Léitheoir RSS tapa, glan agus aoibhinn le haghaidh Windows Phone. Is féidir airteagail a shábháil go díreach anois chuig OneNote. Bain taitneamh as an léitheoireacht!
Office Lens
Is ionann Office Lens agus scanóir a bheith agat i do phóca. Ní dhéanfaidh tú dearmad ar nótaí ar chlár bán nó clár dubh riamh, ná doiciméid nó cártaí gnó, fáltais caillte nó nótaí greamaithe riamh! Cuireann Office Lens pictiúir inléite agus athúsáidte ar fáil. Taifead inneachar go díreach isteach in OneNote a bhearrfar agus a ghlanfar go huathoibríoch.
OneNote For AutoCAD
Cuirfidh OneNote for AutoCAD ar do chumas nótaí a bhreacadh síos in aice le do líníocht ó AutoCAD. Spreagann sé sin táirgiúlacht na ngairmithe ailtireachta agus innealtóireachta ar fud an domhain ag úsáid AutoCAD chun líníochtaí 2T agus 3T a chruthú. Déantar cóip chúltaca de na nótaí sa néal, áit ar féidir iad a rochtain aon am. Feicfidh úsáideoirí na nótaí sin an chéad uair eile a n-osclóidh siad an líníocht in AutoCAD.
OneNote Class Notebooks
Eagraigh do phleananna ceachta agus inneachar cúrsa i do leabhar nótaí digiteach féin, le spás oibre pearsanta ann do gach mac léinn, mar aon le leabharlann inneachair le haghaidh dáileán, agus spás comhoibrithe le haghaidh ceachtanna agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha.
OneNote Web Clipper
Le OneNote Web Clipper, is féidir leat leathanaigh Ghréasáin a shábháil ó do bhrabhsálaí chuig do leabhar nótaí OneNote. D’aon chlic amháin, is féidir leat nithe a gabháil agus cuimhneamh ar tuilleadh nithe i do shaol.
Powerbot for Gmail
Sábháil ríomhphoist, comhráite agus ceangaltáin thábhachtacha go díreach chuig OneNote ó chomhéadan Gmail. Ní gá aistriú idir feidhmchláir a thuilleadh.
WordPress
Cumraigh do chuid post WordPress ar aon ghléas nó tras-ardán, nó ar líne nó as líne in OneNote, agus bain úsáid as inneachar na nótaí atá ann cheana féin más mian leat.
Zapier
Is é Zapier an bealach is éasca chun OneNote a nascadh leis na feidhmchláir a úsáideann tú cheana, amhail Salesforce, Trello, Basecamp, Wufoo agus Twitter. Úsáid an feidhmchlár seo chun cóip cúltaca a dhéanamh de nótaí, taifead a choinneáil ar tascanna críochnaithe nó teagmhálaithe nua, grianghraif, leathanaigh Gréasáin agus tuilleadh.